top of page
The Mill Wheel

An Tionscadal

Mall sa bhliain 2014 bunaíodh coiste oidhreachta i gCill Charthaigh le tionscadal oidhreachta a chur le chéile chun Muileann Coirce Leitir a athbhunú agus a fhorbairt mar mhuileann uisce atá fós ag obair. Nuair atá an obair athchóirithe críochnaithe tabharfaidh an muileann tuiscint ar ghné iontach tábhachtach d’oidhreacht tionsclaíochta agus talmhaíochta an 19ú aois, ní amháin i gCill Charthaigh agus na paróistí máguaird ach i nDún na nGall agus ceantar an iarthuaiscirt. Tabharfaidh an muileann léargas ar leith don chuairteoir dar ar ré nuair a bhí rath ar mhuilte tuaithe agus, ar a laghad don gheimhreadh agus luath earrach bhí sé gnóthach agus chuir seirbhís ar fáil do phobail fheirmeoireachta.


Maireann sé mar shampla neamhchoitianta de mhuileann beag tuaithe dírithe ar fhómhar coirce a mheilt ina mín choirce den scoth. Cuirfidh teach an mhuilleora, sruth an mhuilinn agus linn an mhuilinn le heispéireas an chuairteora.
Agus an tionscadal curtha i gcrích cuideoidh sé go mór le turasóireacht sa cheantar agus cuirfidh sé leis an chonair thurasóireachta chultúrththa in iardheisceart Dhún na nGall. Tá an tionscadal roinnte ina 5 chéim:

Mill Kiln.jpg

Céim 

The stabilisation of the mill and drying kiln buildings

  1. An muileann agus an áith a chobhsú. Bhí obair mhór le déanamh ar an bhalla binne thiar le caoi a chur air.Rinneadh na fuinneoga sa mhuileann agus san áith a athchóiriú chomh maith.  

  2. Cuireadh díon nua ar an mhuileann ag úsáid oiread de na sclátaí “Bangor blue” a bhí ar an mhuileann agus ab fhéidir agus fuarthas sclátaí athchúrsáilte in áiteanna éagsúla eile. Cuireadh díon úr ar theach an mhuilleora chomh maith.

  3. Cuireadh caoi ar an urlár scilte (7m x 30cm x 20cm) agus cuireadh isteach urlár dhéil dearg.  

  4. Cuireadh caoi ar bhíomaí an seomra storas mine agus cuireadh urlar nua adhmaid isteach i sloc an áithe a dtugtar an “kiln head pit” go háitiúil. Cuireadh urlár leaca anuas ar bharr an urláir adhmaid. Tá tíl ghorm le cur anuas air seo ar fad leis an urlár a chríochnú.

  5. Cuireadh urlár déil dhearg i lochta na háithe chomh maith agus cuireadh isteach staighre nua díreach cosúil leis an staighre a bhíodh ann.

  6. Rinneadh mionoibreacha eile – cuireadh caoi ar an landair sa teach síol ag doras cúil an mhuilinn agus cuireadh isteach urlár concréite ansin chomh maith.

  7. Obair atá le déanamh go fóill: Athchóiriú a dhéanamh, de réir mar is gá, ar innealra an mhuilinn, na criathair, gráin, beilteanna agus ardaitheoirí san áireamh.

Céim 02

Sa chéim seo rinneadh roinnt rudaí – forbófar siúlóid cois abhann, uisce a chur isteach i sruth an mhuilinn, caoi a chur ar shruth agus linn an mhuilinn agus na loc-chomhlaí mar aon leis an tírdhreachú a bhaineann leis an obair seo. Maoinithe ag Fisheries Local Action Groups, FLAGs (An Roinn Talmhaí ochta , Bia agus Mara), agus LAWP. (Clár Uiscí an Údaráis Áitiúil).

IMG_3138_edited.jpg
Car Park

Céim 03

Tógáil carrchlós  agus bealach isteach úr atá le toiseacht i 2021.

Céim 04

Tá an roth uisce le hatógáil sa chéim seo.

image (3).png
mill%20pictures%202_edited.jpg

Céim 03

Caifé agus siopa cuimhneacháin a dhéanamh de theach an mhuilleora.

bottom of page