mill pictures 2.jpg

Stair Muileann Coirce Leitir

Tá an muileann suite i mbaile fearainn Leitir i bparóiste Chill Carthaigh. Tógadh an muileann ar bhruach abhainn Ghleann Eadrach agus is ón abhainn a fuair an muileann an chumhacht leis an innealra a oibriú. Bhíodh seanmhuileann ar an suíomh ag dul siar go dtí mall san 18ú aois. Tá an muileann simplí seo, a raibh cruth dronuilleogach air, le feiceáil ar léarscáil a thaispeánann eastát Murray sna blianta 1813 / 1814.

Bhí stráicí móra talaimh ag na tiarnaí talún Murray as Broughton agus Cally, talamh a chuimsigh barúnachtaí Bháineach agus Bhaollach in iardheisceart Dhún na nGall agus bhí sin acu ó bhí Phlandáil Uladh ann.  

Tógadh an muileann úr nó, is dóichí ná a mhalairt, rinneadh é a athchóiriú agus a athnuachan ar shuíomh an tseanmhilinn idir 1862 agus 1864. Léiríonn páipéir an eastáit gur cuireadh tús leis an áith a thógáil i mí Dheireadh Fómhair 1862. Rinneadh athchóiriú mór ar an mhuileann féin ag an am chéanna agus cuireadh innealra nua isteach. Chuir an áith nua cruth “L” ar an mhuileann mar a bhí ar bhunús gach muileann agus áith. Ba é Horatio Glanville Murray Stewart, (1834 – 1904), as Broughton agus Cally, a bhí mar thiarna talún nuair a rinneadh an obair seo ar fad.

D’fhreastail an muileann ar fheirmeoirí coirce i bparóistí Chill Charthaigh, Ghleann Cholmcille agus na Cealla Beaga. D’úsáid roinnt feirmeoirí as Ard an Rátha an muileann leis an choirce a mheilt chomh maith.

James agus John Campbell, tógálaithe agus saoir chloiche áitiúla a rinne an obair ar an mhuileann. James McMunn as na Cealla Beaga an saoiste a bhí ann agus, gan dabht, bhíodh ról ar leith ag George Venables Wilson, gníomhaire an tiarna talún Murray Stewart, i maoirseacht na hoibre.  

Cloch eibhir atá sa chloch a úsáideadh leis an choirce a scileadh ( Bró shelling stone) agus baineadh é as caireál ag Leitir Crann, Paiteagó. Scríofa ar an phláta iarainn ar an bhró uachtarach tá ‘Kay and Hilton, Fleet Street, Liverpool, 1863’. Tá an dá chloch 137 ceintiméadar (4 troithe 6 horlaí) trasna. Rinneadh an t-innealra atá sa mhuileann i dteilgcheárta Stephenson agus Taylor ar an tSrath Bhán, Contae Thír Eoghain. Tá an roth muilinn 533 ceintiméadar trasna (17 troigh 6 horlaí) agus 158 ceintiméadar (5 troithe 2 orlach) ar leithead. Tá daichead a hocht ladar / buicéad ar an roth.

Tugann luacháil Griffith le fios go ndeachaigh luach a bhfoirgneamh suas ó £4 agus 10 scilling, go £10 agus 15 scilling, sa bhliain 1864. Thabharfadh an t-ardú ollmhór seo le fios go raibh an muileann nua críochnaithe ag an am sin. Bhí luach £1 agus 5 scilling ar an talamh a chuaigh leis an mhuilean rud a d’fhág luach iomlán de £12 leis an tsealúchas. Taispeánann luacháil Griffith gur tógadh teach úr le ceann sclátaí  don mhuilleoir sa bhliain 1866. Chuir an teach úr £1 agus 10 scilling le luach an tsealúchais. D’fhág seo luach iomlán de £13 agus. 10 scilling sa bhliain ar an áitreabh iomlán.

Is cosúil gurb é an seasúr 1864 / 1865 an chéad séasúr muilleoireachta sa mhuileann úr. Deirtear gur fear darb ainm McDevitt ó Tamhnach an tSalainn a d’oibrigh ann mar mhuilleoir sa chéad bhliain sin. Bhí aithne air freisean mar Mc Daid.

Do shéasúr 1865 / 1866 tháinig John J McMullan (1842 – 1919), nó Johnny Mullan mar ab fhearr aithne air go háitiúil, le bheith mar mhuilleoir ann. B’as An Bhroclais do Johnny áit a raibh a athair ina mhuilleoir i muileann “Oily”. Ba shiúinéir agus saor rotha é Johnny chomh maith. Chuir a sheal sa mhuileann tús le ceangal chlann McMullan le muileann Leitir, ceangal a mhair go dtí gur druideadh é.

Níor ligeadh an muileann amach ar cíos go dtí 1868 agus ba é Neil McLoone, fear gnó as na Cealla Beaga, a thóg an muileann ar cíos ar £15 sa bhliain.

Tháinig úinéirí nua ar an mhuileann nuair a cheannaigh na tiarnaí talún John agus James Riddell Musgraves, an t-eastát ó H. G. Murray Stewart i mí Mheithimh 1879. Clann saibhir as Béal Feirste a bhí iontu a raibh baint mhór acu le cúrsaí tionsclaíochta sa chathair sin.

Tháinig deireadh le tréimhse Neil McLoone sa mhuileann go gairid i ndiaidh do mhuintir Musgrave é a cheannacht. Sa Griffith’s Valuation don bhliain 1880, tá John agus James Musgrave luaite mar úinéir agus léasóir mhuileann Leitir. Sa bhliain 1886 thóg Johnny McMullan, a bhí ag obair ann mar mhuilleoir ó 1865, an muileann ar cíos ó John agus James Musgrave ar tháille de £26 agus 10 scilling sa bhliain.

Ar Lá Fhéile Bríde 1913 cheannaigh Peter, mac Johnny, an muileann ó Henry agus Edgar Musgrave ar £350. Fuair Henry agus Edgar seilbh ar an mhuileann nuair a fuair John (1895) agus Sir James (1904) bás. Nuair a cheannaigh Peter an muileann duirt Johnny leis go raibh James Josie chomh maith ag muilleoireacht lena bhfaca sé riamh agus go ndéanfadh sé cúram maith den mhuileann. Bhí James Josie ag obair lena athair sa mhuileann ó d’fhág sé an scoil.

Ba é an plean a bhí ag Peter nuair a cheannaigh sé an muileann go ndéanfadh a athair, Johnny, agus an deartháir is óige, James Josie (1888 – 1919), an muileann a riar. Bhí gnó rathúil tógála agus siúinéireachta ag Peter agus an dá dheartháir eile, Barney agus Dan. Sa bhliain 1919 ar bhás James Josie agus Johnny bhí ar Peter tabhairt faoi cheird an mhuilleora, ceird a raibh eolas maith aige uirthi mar go ndearna a athair cinnte de gur fhoghlaim na mic uilig an cheird. Dúirt mo sheanmháthair, deirfiúr Peter, i gcónaí go raibh sé ina mhuilleoir dá ainneoin féin. Obair shéasúrach a bhí sa mhuilleoireacht rud a d’fhág go raibh Peter ábalta leanúint den tógáil agus den tsiúinéireacht cé go raibh air gearradh siar ar an obair sin rud beag. Ach le bás Barney i 1921 agus Daniel i 1922 bhí air gearradh siar go mór ar an obair sin cé gur choinnigh sé an monarcha / cheardlann adhmadóireachta ar feadh tamaill maith ina dhiaidh sin cé go raibh an mhuilleoireacht mar thosaíocht aige anois.

Ba ghnách le feirmeoirí móin a thabhairt leo le cuidiú le triomú an choirce acu – a trí nó a ceathair de mhálaí. Ghearrtaí táille níos airde ar aon fheirmeoir nár thug móin leis agus gurbh éigean móin an mhuilleora a úsáid.

Lean obair an mhuilinn ar aghaidh go dtí deireadh an dara cogadh domhanda nuair a cuireadh deireadh leis an “Compulsory Tillage Order” i 1946. Ní raibh luach maith airgid leis an mhuilleoireacht níos mó agus faoi dheireadh na ndaichidí bhí gnó na muilleoireachta ag muileann Leitir ar na cosa deiridh. Bhí ré órga an mhuilinn thart. Faoin am a bhfuair Peter bás i 1953 agus é 75 bliain d’aois bhí an obair mhuilleoireachta beagnach marbh.

Is beag coirce a bhí á chur sna paróistí thart ar an mhuileann agus ní raibh an muileann tábhachtach níos mó do na pobail ar ar fhreastail sé.

Ag deireadh an chogaidh tháinig rath ar ghnónna mórdhíola bia agus bhí leoraithe agus veaineanna s’acu ag taisteal fud fad na tíre ag seachadadh earraí chuig na siopaí áitiúla. Bhí réimse leathan earraí anois le fáil sna siopaí a bhí san iomaíocht leis an mhín choirce thraidisiúnta. Bhí díon sclátaí níos coitianta anois chomh maith agus ní raibh gá ar bith anois le fás coirce le haghaidh ceann tuí.   

Fuair Peter bás le linn séasúr na muilleoireachta agus bhí ar Columba Mac an Bhaird a bhí pósta ar Siobhán Ní Gharbhaigh, (Joan Garvey), neacht le Peter, leanúint leis an tséasúr. Bhí eolas maith aige ar cheird na muilleoireachta ach bhí sé cleachtaithe an obair a dhéanamh faoi shúil ghéar Peter. D’inis sé dom go raibh sé ar bharr amháin creatha ag oscailt an mhuilinn arís. Labhair sé i gcónaí faoin chuidiú agus suaimhneas intinne a fuair sé óna chomharsa agus giolla na háithe, Barney O Donnell. Dúirt sé go raibh deireadh eolais ag Barney faoin mhuileann, gach locht, casadh agus laige.  

D’athoscail Columba, Barney agus Seán Ó'Garbhaigh an muileann thall agus abhus le linn shéasúir 1953 / 1954 i ndiaidh bhás Peter. D’inis m’athair dom gur fhág triomú an beagán choirce a bhí ag teacht isteach go neamhrialta nach raibh an muileann inmharthana.

Chinn sé gur obair in aisce a bheadh ann leanúint leis an mhuilleoireacht. Dá dtiocfadh fás ar an mhuilleoireacht bheadh athchóiriú mór le déanamh ar an mhuileann le go mbeadh sé in ann buntáiste a bhreith ar an fhás sin. Bhí ré na muilte a d’úsáid cumhacht uisce ag teacht chun deiridh agus Scéim Leictriú na Tuaithe ar na bacáin. Bhí ceist mhór ann chomh maith an mbeadh sé indéanta athchóiriú a dhéanamh ar an mhuileann nó an mbeadh luach ar airgead ag baint leis. Chomh maith leis sin is beag coirce a bhí á chur sna paróistí thart ar an mhuileann. Ní raibh an muileann tábhachtach níos do na pobail ar ar fhreastail sé.

Taispeánann leabhar nóta m’athar nár meileadh ach 188 mála coirce idir mí Márta agus mí Bealtaine 1954. Ar an 3ú lá Bealtaine 1954 druideadh doirse an mhuilinn don uair deiridh. Bhí muileann coirce Leitir anois faoi shuaimhneas. Chuir druidim an mhuilinn deireadh le 89 bliain de chlann McMullan ag muilleoireacht ag Leitir.  

Historical Corn Mill and Museum